|
Bhí sin ann fadó fear bocht agus bean bhocht, agus bhí triúr clainne acu. Ní raibh aon tslí bheatha acu ach an fear ag obair i muileann. Tháinig an fear seo isteach lá, chuig bean an tí, agus d'fhiafraigh sé dhi cén tslí bheatha a bhí acu. Dúirt sise leis nach raibh slí ar bith acu, ach gach a saothródh sé sa lá, é a chaitheamh san oíche. Bhí ceann den chlainn nár shiúil ariamh, is nár labhair ariamh, agus dúirt an fear léi ansin, dhá gcuireadh sí an chlann do dhíth, go mbeidís saibhir sách an fhad is mhairfidís.
"Ó, cad é an chaoi a ndéanfainn sin?" adúirt1 sise.
"Cad é chabhair dhófa bheith ag fáil bháis leis an ocras?" adúirt sé.
Thug sí toil ansin déanamh chun bealaigh leofa2; agus nuair a tháinig a fear abhaile san oíche, d'inis sí an scéal dhó.
"Is cad é an chaoi a ndéanadh muid chun bealaigh leofa?" adúirt fear an tí.
"Cad é an chabhair dhófa féin agus dhúinn féin", adeir1 sí, "bheith ag fáil bháis leis an ocras?"
Thug sé iarracht ansin tabhairt isteach dhi; agus dúirt sí leis iad a chur amach sa scioból, a bhí ansin amuigh, agus tine a thabhairt dó, san oíche.
Bhí go maith, más go maith é. Cuireadh amach iad. Bhíodar3 istigh sa scioból ansin, an triúr acu, agus an té nár labhair aon fhocal roimhe sin, dúirt sé leofa éirí amach as sin; go mbeadh an scioból ina thine go gairid.
"Muise", deir ceann acu leis an gceann eile, "ná raibh forás4 ort, mur deas an chéad fhocal comhrá a tháinig duit ó rugadh thú!"
Bhuel, ní rabhadar5 ag tabhairt isteach dhó, agus dúirt seisean, "Fanaigí ansin má thograíonn sibh é", is shiúil sé leis amach, rud nach ndearna riamh roimhe. Dúradar le chéile ansin gur dóichí go raibh a fhios aige rud éicinteacht6. Bhí an triúr acu amuigh cois chloidhe7 nuair a chonaiceadar8 an scioból ina thine. D'imigh leofa ansin, an triúr acu, is tháinigeadar9 go dtí trí crosbhóithre. Dúradar10 le chéile, ceann acu a ghóil11 ar gach aon bhóthar, agus dhá mbeidís beo, iad míotáil12 aríst ann bliain ón lá sin. Bhuaileadar13 leofa, agus bhí an fear seo-nach raibh aon tsiúl aige-ag imeacht leis, agus casadh duine uasal dhó. D'fhiafraigh sé dhó cé raibh sé ag góil. Dúirt sé leis go raibh sé ar thuairisc máistir.
"Is maith mar atá", adúirt an máistir, "tá mé ar thuairisc buachaill. Is é an jab a bheas14 agamsa dhuit anois", adúirt sé, "ag cumhdach caisleán; agus níl aon duine dhá dtéann ann nach mbíonn marbh ar maidin."
"Déanfaidh sin", adeir an buachaill, "níor maraíodh go fóill muid!"
Thug sé leis é, agus fuair sé a shuipéar go maith, agus thug sé go dtí an caisleán é.
"An bhfuil leabhar maith agat?" adeir an buachaill.
"Tá", dúirt sé.
"Agus tabhair dhom coinneal", adeir sé, "agus las ar an mbord í."
Rinne sé sin. D'fhág sé beannacht aige, agus ghabh sé go dtí n-a15 theach féin. Amach san oíche, am éicinteacht, bualadh rap ar fud an tí, a chrith an caisleán; agus tháinig sé aríst, ní ba mhó ná sin, agus an tríú rap shiúil an fear aniar chuige. "Is buachaill maith thú", adúirt an fear leis. "Is iomaí buachaill maith a maraíodh sa teach seo, d'uireasa a ndíol misnigh a bheith acu."
"Bhuel, cad é an t-éagruas16 atá ort?" adeir a buachaill.
"Bhí mé ansin i mo thiarna talún", deir sé, "agus chuir mé amach baintreach as a teach, agus níl aon uair a dtéann sí ar a glúine, maidin ná tráthnóna, nach bhfuil sí tabhairt a míle mallacht orm. Agus mura ndéanfaidh tusa maith dhom", adeir sé, "níl aon duine eile in ann maith a dhéanamh dhom."
"Cad é an chaoi a ndéanfaí maith dhuit?"
"Tá", deir sé, "déarfaidh tú le mo mhac bocht agus nocht a chruinniú, tine chnámh a dhéanamh, ól agus ithe a bheith ann; agus, dhá bhféadfá ar chaoi ar bith é, an bhaintreach sin a thabhairt leat ar a mbanais17; agus nuair a bheas a bhanais caite, ghóil thart ar an teach agus gach uile dhuine guibhe18 ar an té ar bailíodh an bhanais sin air."
"Cad é an chaoi a dtiúrfainnse19 an bhean sin ann?"
"Tabhair leat ar chaoi ar bith í, má fhéadann tú é."
Tháinig an máistir20 isteach ar maidin an lae sin, agus d'fhiafraigh sé dhó cén chaoi a raibh sé, ná raibh aon scéal nuaidh21 aige. Dúirt sé leis nach raibh, ach go raibh sé ag caint lena athair aréir.
"Buachaill maith!" adeir sé, "cad éard dúirt sé leat?" D'inis sé dhó.
"Déanfaidh sin", adeir an mac. Ach meas tú cad é an chaoi a ngeobhfá an bhean sin," adeir sé, "a thabhairt chuig an bhféasta?"
"Déanfaidh mise mo dhícheall lena tabhairt ann."
Bhí an lá leagtha amach leis an bhféasta a bheith acu. Fuair an buachaill capall ón mac, agus diallaid22. D'imigh leis agus níor stop sé go dtáinig sé chuig an teachín a raibh sí féin agus an iníon ina cónaí ann. Cheangail sé a chapall ar a gcloidhe taobh amuigh. Fuaidh23 sé isteach agus d'iarr sé lóistín uirthi.
"Muise", deir sí, "an sórt teach atá agam, níl sé sách maith ag duine ar bith le cur suas ann, ach", adeir sí, "bhí teach maith agam roimhe seo, agus mo sheacht míle mallacht don té ba siocair le mo chur anseo!"
"Ó", deir sé, "ná habair sin! Maith dhó!"
"Faraor", adúirt sí, "níl mé in ann!"
"Tá tú in ann!" adúirt sé. Chaitheadar24 an oíche ansin ag caint le chéile.
"Tiocfaidh mise chugat a leithéid seo de lá", adeir sé aríst, "agus beidh féasta ann, agus tiúrfaidh25 mé ann thú."
"Is cad é an chaoi rachainnse ina leithéid sin d'áit, ar an gcaoi a bhfuil mé?"
"Ná bac leis sin", adúirt sé, "tiocfaidh mise agus gléasfaidh mé thú."
Bhí go maith is ní raibh go dona. Nuair a bhí an lá leagtha amach leis an bhféasta a bheith ann, fuaidh sé-é féin is a chóiste-ar thóir na seanmhná agus an iníon. Thug sé ann iad, agus bhí ól agus ithe ann. Ansin, d'iarr sé orthu a ghóil thart ar an tine agus guibhe ar an té ar bailíodh an féasta sin air. Fuadar26 thart ar an tine agus chuireadar27 beannach Dé le hanam an té sin, agus tháinig seisean ós a gcionn, ina phláinéid28 gheal, agus fuaidh sé go na flaithis. Fuair sise an góltas29 a bhí ag an iarla, í féin agus an iníon; agus fuadar abhaile, chuile30 cheann acu ag tarraingt ar a áit féin.
Ansin, nuair a tháinig sé chuig an lá agus bliain, dúirt an buachaill go gcaithfeadh sé éirí amach agus lá a bheith aige dhó féin. Thug an máistir capall agus diallaid agus srian dó, agus d'imigh leis go ndeachaigh sé go dtí na trí crosbhóithre ar imigh sé féin is a bheirt deartháir ó chéile lá agus bliain roimhe sin.
Bhí sé scaitheamh ag góil siar is aniar ansin ar a chapall, go dtáinig ceann de na deartháireacha chuig an gcrosbhóthar. Bheannaigh seisean don deartháir, ach níor aithnigh an deartháir é. Bhíodar scaitheamh ann, ag comhrá, nuair a tháinig an deartháir eile chomh fada leofa. Shuigheadar31 síos ag ligean an scíth, is chuir seisean caint orthu. Dúirt sé leofa gur dóichí go raibh éagruas éicin6 orthu. Dúradar leis nach rabh, ach "Bliain sa lá inniu, bhí muid anseo cheana, agus bhí triúr againn ann, ach tháinig muide32 ann, agus is dóichí nach bhfuil an ceann eile ag maireachtáil. Go deimhin," adúirt siad, "ní raibh sé láidir in aon am!"
"An aithneodh sibh bhur ndeartháir?" adúirt sé.
"Ba cheart dúinn go n-aithneodh," adúirt siadsan, "dhá bhfeicfeadh muid é."
"Bhuel, tá sibh ag caint leis," adeir sé. "Anois," adeir sé, "gabhfaidh mise go dtí an teach ar tóigeadh33 muid"; agus fuaidh.
Tháinig sé isteach chuig a mháthair. D'fhiafraigh sé dhi cén tslí bheatha a bhí acu. Dúirt sise leis go rabhadar go beo bocht. "An rabh aon duine clainne riamh agaibh?" dúirt sé.
"Ní raibh," adúirt sí.
"Á, a chaile," dúirt sé, "mar sin a bheas tú!" D'imigh leis chuig na deartháireacha aríst. "Anois," adeir sé, "má thagann sibh liomsa, ní dhéanfaidh sé dochar dhaoibh."
"Ní fearr dhúinn rud dhá ndeánfadh muid," adúirt siadsan.
Ghabh siad leis. Ghléas mac an iarla suas iad, é féin is iad féin, agus bhí áit an duine uasail acu chúns34 mhair siad.
back to Study
Resources