Ar ais
(back)

Abhaile
(home)

 

BUNREACHT


I - GINEARÁLTA

1. Conradh na Gaeilge is ainm don eagraíocht.

2. Is é cuspóir na heagraíochta pobal náisiúnta saor Gaelach a chothú.

3. Is í feidhm Chonradh na Gaeilge a chuspóir a chur i gcrích go háirithe tríd an nGaeilge a thabhairt i réim mar ghnáth-theanga mhuintir na hÉireann uile.

4. Is é mian mhuintir na hÉireann chun fuascailte agus saoirse bunfhoinse Chonradh na Gaeilge agus ní shásofár an mian sin go dtí go mbainfear amach saoirse pholaitiúil, eacnamúil, shóisialta agus chultúir sa chaoi go mbeidh cothrom na Féinne ag cách.

5. Is é príomhdhualgas na heagraíochta a fealsúnacht a theagasc Ie briathar agus Ie gníomh agus daoine a spreagadh chun feidhmiú ar son an chuspóra.

6. Mar seo a leanas a bheidh comheagraíocht Chonradh na Gaeilge:
(a) Baill;
(b) Craobhacha;
( c) Coistí Dúiche; (d) Dála Cúige; ( e) Coiste Gnó; (f) Ard-Fheis.


7. Ní foláir do dhuine dÕfhonn a bheith ina b(h)all de Chonradh na Gaeilge:
(i) Glacadh Ie cuspóir agus Ie fealsúnacht na heagraíochta mar a léirítear iad i mBunreacht Chonradh na Gaeilge.
(ii) Páirt ghníomhach a ghlacadh in obair na heagraíochta. Thairis sin, ní foláir di/do síntiús (socraíonn an Coiste Gnó an minimum ó am go ham) a íoc go bliantúil leis an gCraobh chun a c(h)láraithe.
(iii)Bheith glactha mar bhall ag Coiste na Craoibhe nó i gcás conspóide ag an gCoiste Gnó. (iv)Bheith cláraithe go foirmeáIta ag Rúnaí Craoibhe agus/nó ag an gCoiste Gnó go bliantúil.

8. Ní foláir do dhuine dÕfhonn a bheith ina c(h)ompánach de Chonradh na Gaeilge:
(i) Glacadh Ie cuspóir agus Ie fealsúnacht na heagraíochta mar a léirítear iad i mBunreacht Chonradh na Gaeilge.
(ii) Síntiús (socraíonn an Coiste Gnó an minimum ó am go ham) a íoc go bliantúil leis an gCraobh nó leis an Ard-Oifig chun é/í a chIárú.

(iii)Bheith glactha mar chompánach ag Coiste na Craoibhe nó i gcás conspóide ag an gCoiste Gnó.

(iv)Bheith cláraithe go foirmeálta ag Rúnaí Craoibhe nó an gCoiste Gnó go bliantúil.

9. Is de mhaoin choiteann an Chonartha gach airgead agus maoin dá mbíonn i seilbh Chraoibhe nó Choiste ar bith den Conradh, agus ní hinchaite iad ach amháin ar thosca an Chonartha.
Ní foláir gach airgead agus maoin Chraoibhe nó Choiste dá mbionn i mBanc, nó in Oifig an Phoist, nó in intheistíocht ar bith eile, a bheith in ainm Chonradh na Gaeilge agus ainmneacha bheirt, ar a laghad, den Chraobh nó den Choiste a bheith leis. Ní foláir ainmneacha agus seoltaí na ndaoine sin agus eolas faoin áit ina bhfuil an intheistíocht a chur chuig an Ard-Oifig gach bliain.

10. Ní ceadmhach do Chraobh nó do Choiste den Chonradh dul i bhfiacha thar cibé suim a shocraíonn an Coiste Gnó, ó am go ham, gan réamhúdáras chuige sin a fháil ó Bhuanchoiste an Chonartha.

11. Is cead do Chraobhacha agus do Choistí forialacha a cheapadh chun a gcuid féin dÕobair an Chonartha a stiúradh a fhad is nach mbeadh aon ní sna forialacha sin a sháródh Bunreacht an Chonartha.

Ní bheidh feidhm, ámh, Ie haon thorialacha a cheapfar amhlaidh go nglacfaidh an Coiste Gnó leo.

12. Ní cead do Chraobh na do Choiste den Chonradh páirt ná pIé a bheith acu in aon aighneas nach mbaineann Ie cuspóir ná Ie cúraimí an Chonartha.

13. Ni folair Bunreacht na heagraíochta a chlóbhualadh i nGaeilge.

II - CRAOBHACHA

14. Ní miste Craobh a bhunú ach seisear a theacht Ie chéile chuige sin agus aontú an Choiste Gnó chuige a fháil ar chomhairle an Choiste Dúiche mas ann dó.

15. Tráth a bhunófar Craobh ní foláir do lucht a bunaithe Coiste Stiúrtha ar a mbeidh Cathaoirleach, Rúnaí, Cisteoir agus triúr eile ar a laghad a thoghadh. Ní mór do na hoifigigh a bheith in ann gnó Craoibhe a dhéanamh trí Ghaeilge.

16. (a) Ní cead do bhall den Chonradh bheith ina b(h)all cláraithe Ie cead vótála ach san aon Chraobh amháin ag aon am ar leith.
(b) Beidh cead ag ball aistriú ó Chraobh amháin go Craobh eile Ie cead na gCoistí Dúiche ina bhfuil na Craobhacha sin nó murab ann dóibh Ie cead na nDál Cúige cuí agus murab ann dóibh sin Ie cead an Choiste Gnó, ar mholadh ón dá Chraobh.
(c) Níl cead ach ag baill Chraoibhe ionadaíocht vótála san eagraíocht a dhéanamh thar ceann na Craoibhe sin.

17. Ní foláir do gach Craobh cruinniú cinn bhliana dÕiomláin ball cláraithe na Craoibhe a thionól uair in aghaidh na bliana. Chuige sin ní mór fógra seacht lá ar a laghad a thabhairt don uile bhall cláraithe.

Is é gnó an chruinnithe cinn bhliana:
(a) Miontuairiscí an chruinnithe cinn bhliana roimhe sin (nó mion-tuairiscí chruinniú bunaithe na Craoibhe) a dheimhnú.
(b) Coiste Stiúrtha don bhliain dár gcionn ar a mbeidh Cathaoirleach, Rúnaí, Cisteoir agus triúr eile ar a laghad a thoghadh; ní mór do na hoifigigh a bheith in ann gnó na Craoibhe a dhéanarnh trí Ghaeilge.
(c) Cuntas airgid iniúchta na Craoibhe a scrúdú, a dheimhniú agus a chur chuig an gCoiste Gnó.
(d) Iniúchóir a thoghadh.
(e) Léirmheas a dhéanamh ar obair na bliana roimhe sin.
(t) Beartúcháin dúnghaoise Ie haghaidh na bliana dár gcionn a réiteach.

18. Is dualgas do gach Craobh:
(a) Táille cleamhnachta, a shocróidh an Coiste Gnó ó am go ham, a íoc go bliantúil leis an gCoiste Gnó roimh 31 Nollaig.
Is cead don Choiste Gnó Craobh a chIárú ar tháille cleamhnachta laghdaithe bliain bunaithe na Craoibhe.
(b) Bailiúcháin do Chiste na Teanga a dhéanarnh in aghaidh na bliana de réir rialacha an Chonartha.
(c) Teachtaí a chur chuig cruinnithe den Choiste Dúiche agus chuig an Ard-Fheis.
(d) Orduithe dlisteanacha an Choiste Dúiche, na DáIa Chúige agus don Choiste Gnó a chomhlíonadh.
(e) Cuireadh a thabhairt don Choiste Dúiche, don Dáil Chúige agus don Choiste Gnó ionadaithe a chur chuig cruinnithe na Craoibhe cibé uair a lorgaítear sin.
(f) Baill nua a earcú.

19. Coiste na Craoibhe a thoghfaidh teachtaí na Craoibhe Ie freastal ar chruinnithe den Choiste Dúiche agus ar an Ard-Fheis. I gcás nach féidir leis an teachta (nó leis na teachtaí) a thoghfar amhlaidh ionadaíocht dá réir a dhéanarnh, is ag Coiste na Craoibhe a bheidh cead malairt teachta (nó teachtaí) a thoghadh, ach i gcás práinne is féidir leis an gCoiste an chumhacht sin a thabhairt do Chathaoirleach na Craoibhe.

20. Seo mar a roinnfear toradh an bhailiúcháin do Chiste na Teanga:
(a) leath don Chraobh a dhéanfaidh an bailiúchán;
(b) an dóú cuid déag don Choiste Dúiche;
( c) an dóú cuid déag don Dáil Chúige;
(d) trian don Choiste Gnó;
agus ní foláir do Chisteoir na Craoibhe a gcion cuí dÕairgead an bhailiúcháin a sheoladh chun an Choiste Dúiche, chun na Dála Cúige agus chun an Choiste Gnó laistigh de mhí ó dháta an bhailiúcháin.

21. I gcás aon Dúiche nach mbeidh Coiste Dúiche ag feidhmiú inti rachaidh scair an Choiste Dúiche dÕairgead an bhailiúcháin chun na Dála Cúige cuí más ann di, agus ina héagmais sin chun an Choiste Gnó. I gcás aon Chúige nach mbeidh Dáil Chúige ag feidhmiú inti rachaidh scair na Dála Cúige chun an Choiste Gnó.

Is é an Coiste Gnó a thabharfaidh breith i dtaobh Coiste Dúiche no Dáil Chúige a bheith ag feidhmiú.

22. Ní foláir do Rúnaí Craoibhe léirchuntas a choimeád ar bhallraíocht na Craoibhe, mar aon Ie hainm agus seoladh gach baill.

23. Ní foláir do Chisteoir Craoibhe léirchuntas a choimeád ar mhaoin agus ar acmhainn uile na Craoibhe, mar aon Ie léirchuntas ar thoradh an bhailiúcháin do Chiste na Teanga agus an Bailiúchán a roinnt de réir Ailt 20 agus 21 thuas.

24. Aon Chraobh nach gcomhlíonfaidh a dualgais, faoi mar atá luaite in Ailt 17, 18, 20 agus 21 beidh sé de chead ag an gCoiste Dúiche í a chur ar fionraí. I gcás Craoibhe a chuirfear ar fionraí mar sin beidh sé de chead aici athbhreithniú a lorg ón gCoiste Gnó ar bhreith an Choiste Dúiche.

III - COISTÍ DÚICHE

25. (a) Chun cuidiú Ie héifeacht an Chonartha i ndúiche ina mbeidh trí Chraobh ar a laghad bunófar Coiste Dúiche, Ie aontú an Choiste Gnó.
(b) Féadfaidh an Coiste Gnó aitheantas mar Choiste Dúiche a thabhairt do chomhchoiste a bheidh ionadach do Chumain Ghaeilge sna hollscoileanna, sna coláistí, agus sna hinstitiúidí tríú leibhéal sa tír atá cláraithe go dlisteanach mar chraobhacha den Chonradh, fad agus atá trí chraobh dá leithéid, ar a laghad, ag feidhmiú i ndúiche ar leith ag am ar leith.

26. Trí theachta ó gach Craobh sa Dúiche a bheidh ar an gCoiste Dúiche mar aon Ie oifigigh an Choiste Dúiche.

27. Ní foláir do gach Coiste Dúiche cruinniú cinn bhliana a thionól uair i aghaidh na bliana. Chuige sin, ní foláir fógra deich lá ar a laghad a thabhairt don uile theachta. Beidh gach Craobh i dteideal cúig theachta a chur go dtí cruinniú cinn bhliana (agus na gnáth-theachtaí ar an gCoiste Dúiche san áireamh).
Is é gnó an chruinnithe cinn bhliana:
(a) Miontuairiscí an chruinnithe cinn bhliana roimhe sin a dheimhniú.
(b) Cuntas airgid iniúchta an Choiste a scrúdú agus a dheimhniú.
(c) Tuairisc an Rúnaí ar obair an Choiste agus tuairisc an Chisteora ar airgeadas an Choiste i gcaitheamh na bliana roimhe sin a phlé lena gcur go dtí Rúnaí na Dála Cúige agus Ard-Rúnaí an Chonartha.
(d) Oifigigh ar a mbeidh Cathaoirleach, Leas-Chathaoirleach, Rúnaí, agus Cisteoir a thoghadh.
(e) Iniúchóir a thoghadh.
(f) Dúnghaois na gCraobhacha i gcoitinne Ie haghaidh na bliana dár gcionn a réiteach.
(g) Dhá theachta a ainmniú Ie freastal ar chruinnithe na Dála Cúige, más ann di.

28. Thairis sin, ní foláir cruinniú den Choiste Dúiche in aghaidh gach dhá mhí, ar a laghad, a thionól dÕfhonn comheagrú agus comhéifeacht na gCraobhacha sa Dúiche a chur i gcrích, agus níor mhiste do gach Coiste Dúiche Buanchoiste a cheapadh Ie freastal ar ghnóthaí práinneacha idir an dá linn.

29. Ní foláir do gach Coiste Dúiche:
(a) Teachta amhain in aghaidh na bliana a thoghadh Ie feidhmiú thar a cheann don bhliain dár gcionn ar an gCoiste Gnó, agus ainm agus seoladh an té a thoghfar amhlaidh a chur go dtí Ard-Rúnaí an Chonartha mí glan, ar a laghad, roimh dháta na hArd-Fheise. Beidh cead ag Coiste Dúiche ag a chruinniú cinn bhliana teachta
(i) tanaisteach(a) a ainmniú Ie freastal ar chruinnithe an Choiste Gnó. Ní foláir ainmneacha agus seoltai na dteachtaí sin a bheith curtha chuig Ard-Rúnaí an Chonartha laistigh de mhí ón gcruinniú cinn bhliana chun go mbeidh feidhm leis an mír seo.
(b) Dhá theachta a ainmniú Ie freastal ar an Ard-Fheis.
(c) Cuireadh a thabhairt don Dáil Chúige agus don Choiste Gnó ionadaithe a chur chuig cruinnith an Choiste Dúiche, cibé uair a lorgaítear sin.

30. Níl cead ach ag daoine a bheidh roghnaithe ó bhaill an Choiste Dúiche féin ionadaíocht vótála a dhéanamh san eagraíocht thar ceann an Choiste Dúiche.

IV - DÁLA CÚIGE
31. (a) Ar chead na gCoistí Dúiche agus Ie haontú an Choiste Gnó féadfar Dáil Chúige a bhunú i gCúige ar bith agus sa Ghaeltacht.
(b) Féadfaidh an Coiste Gnó aitheantas ionann agus Dáil Chúige leis an dualgais agus leis na cearta céanna mar atá leagtha amach in Ailt 32-39 a leanann, a thabhairt do chomhaltas a bheidh ionadach do chumainn Ghaeilge sna hollscoileanna, sna coláistí, agus sna hinstitiúidi éagsúla eile tríú leibhéal atá cláraithe go dlisteanach mar chraobhacha den Chonradh de réir forálacha an Bhunreachta seo.

32. Is iad a bheidh ar an Dáil Chúige: Cathaoirleach, Leas-Chathaoirleach, Rúnaí, Cisteoir agus triúr eile ar a laghad, a thoghfar ag cruinniú cinn bhliana na Dála Cúige agus ar a ngairfear an Coiste Ceannais, agus dhá theachta ó gach Coiste Dúiche sa Chúige, móide an tIar-Chathaoirleach don bhliain tar éis di/dó éiri as oifig.

33. Uair sa ráithe, ar a laghad, a thionólfar cruinnithe de Choiste Ceannais na Dála Cúige.

34. Ní foláir cruinniu cinn bhliana na Dála Cúige a thionol gach bliain. Chuige sin ní foláir fógra seacht lá, ar a laghad, a thabhairt don uile theachta. Is iad na teachtaí a bheidh i láthair, Coiste Ceannais na Dála Cúige, dhá theachta ó gach Craobh sa Chúige agus dhá theachta ó gach Coiste Dúiche.

35. Is é gnó an chruinnithe cinn bhliana:
(a) Miontuairiscí an chruinnithe cinn bhliana roimhe sin a dheimhniú.
(b) Cuntas airgid na Dála Cúige (agus é deimhnithe ag iniúchóir) a scrúdú agus a dheimhniú.
(c) Tuairisc an Rúnaí ar obair na Dála agus tuairisc an Chisteora ar airgead na Dála i gcaitheamh na bliana roimhe sin a phlé lena gcur go dtí Ard-Rúnaí an Chonartha.
(d) Tuairisci bliantúla na gCoistí Dúiche a phlé.
(e) Oifigigh agus baill eile an Choiste Ceannais mar atá luaite in Alt 32 a thoghadh.
(f) Iniúchóir a thoghadh.
(g) Dúnghaois chomheagartha agus chomhéifeachta i gcoitinne Ie haghaidh na Cúige don bhliain dár gcionna réiteach.

36. Is é dualgas agus cúram na Dála Cúige comheagrú a dhéanamh ar obair na gCoistí Dúiche a bheidh faoina réir agus ar imeachtaí an Chonartha i gcoitinne sa Chúige.

37. Is é Coiste Ceannais na Dála Cúige a ainmneoidh dhá theachta chun freastal ar an Ard-Fheis.

38. Is dualgas do Dháil Chúige cuireadh a a chur chuig cruinnithe na Dála Cúige, cibé uair a lorgaítear sin.

39. Níl cead ach ag daoine a bheidh roghnaithe ó bhaill na Dála Cúige féin ionadaíocht vótála a dhéanamh san eagraíocht thar ceann na Dála Cúige.

40. Is faoi chúram Chomhaltas Uladh a bheidh riaradh an Chonartha sna deich gcontae seo: - Aontroim, Ard Mhacha, Cabhán, Doire, An Dún, Dún na nGall, Fear Manach, Lú, Muineachán agus Tír Eoghain.

V - AN COISTE GNÓ

41. Is iad a bheidh ar an gCoiste Gnó:
(a) Uachtarán (a thoghfar ag an Ard-Fheis);
(b) Cathaoirligh na nDál Cúige, móide Cathaoirleach Chomhaltas Uladh, nó a n-ionadaithe réamhainmnithe;
(c) Ceathrar a thoghfaidh an Ard-Fheis ar an mBuanchoiste;
(d) Ceathrar déag a thoghfaidh an Ard-Fheis ar an gCoiste Gnó;
(e) Teachta amháin ó gach Coiste Dúiche;
(f) An tIar-Uachtarán don bhliain tar éis di/dó éirí as oifig;
(g) Duine, nó a ionadaí, gur ball dlisteanach é/í de Chraobh den Chonradh mar ionadaí ó Choiste Stiúrtha Ógras arna thoghadh ag Comhdháil Bhliantúil Ógras;
(h) Triúr, ar a mhéid, a chomhthoghfaidh an Coiste Gn óó Ard-Fheis go cheile, ach ní foláir a fhógairt ar Clár Gnó a chruinnithe a bheartaíonn duine (nó daoine) a chomhthoghadh, é sin a bheith beartaithe.

42. Uair gach dhá mhí, ar a laghad, a thionólfar cruinnithe an Choiste Gnó.

43. Is é an Coiste Gnó a bheidh mar Ardchomhlacht cheannais ar an gConradh ó Ard-Fheis go hArd-Fheis, agus ní bheidh dul thar bhreith an Choiste maidir Ie brí an Bhunreachta. Beidh dlínse ag an gCoiste Gnó ar an eagraíocht uile i ngach ní a bhaineann Ie smacht, Ie hairgeadas agus Ie maoin na heagraíochta. Fós, beidh breith an Choiste san uile ní a bhaineann Ie gnóthaí an Chonartha ina dlí agus ina ceangal ar bhaill, ar Chraobhacha, agus ar Choistí uile na heagraíochta.

44. Is cead don Choiste Gnó ball nó Craobh, nó Coiste ar bith a chur as feidhm nó a chur ar fionraí má chruthaítear dóibh an ball, nó an Chraobh, nó an Coiste sin a bheith ciontach trí chaint, trí iompar, nó trí ghníomh in aon ní a sharaíonn cuspóir an Chonartha agus ní bheidh an ball, nó an Chraobh, nó an Coiste a chuirtear as feidhm nó ar fionraí amhlaidh i dteideal a n-athghlactha sa Chonradh go séanfaidh siad a gcion(ta) agus go ngeallfaidh siad gan a bheith ciontach amhlaidh feasta.

45. Ní foláir don Choiste Gnó Tánaiste a thoghadh ag an gcéad chruinniú den Choiste a thionólfar tar éis na hArd-Fheise agus i gcásanna eile a dtarlaíonn folúntas. As ballraíocht an Choiste Gnó a thoghfar an Tánaiste.

46. Beidh ar an gCoiste Gnó ag an gcéad chruinniú den Choiste a thionólfar tar éis na hArd-Fheise Buanchoiste a thoghadh. Is iad a bheidh ar an mBuanchoiste: An tUachtarán, An Tánaiste, ceathrar a thoghfar ag an Ard-Fheis, Cathaoirligh na nDál Cúige móide Cathaoirleach Chomhaltas Uladh, mar aon Ie triúr ball eile den Choiste Gnó. Fanfaidh an Buanchoiste a thoghfar amhlaidh i réim go dtoghfar an chéad Bhuanchoiste eile.

47. Uair sa dá mhí, ar a laghad, a thiocfaidh an Buanchoiste Ie chéile, ach féadfaidh an tArd-Rúnaí, ar ordú an Uachtaráin, nó ar achainí ó thrian (nó breis) de bhaill an Bhuanchoiste, iad a thabhairt Ie chéile aon tráth eile a mbeidh práinn leis. Feidhmeoidh an Buanchoiste mar Bhuanchoiste Riaracháin idir chruinnithe an Choiste Gnó.

48. Baill an Bhuanchoiste féin a thoghfaidh Cathaoirleach don Choiste sin, agus ní foláir an Cathaoirleach sin a thoghadh ag an gcéad chruinniú den Bhuanchoiste a thionólfar tar éis a dtofa ag an gCoiste Gnó. Má tharlaíonn don Chathaoirleach sin a bheith don Chathaoirleach sin a bheith as láthair den Choiste a rogha Cathaoirleach a cheapadh don chruinniú sin.

49. Cuirfear maoin airgid an Chonartha, oiread is a bheidh faoi réir an Choiste Gnó de, i gcuntas bainc in ainm Chonradh na Gaeilge ar mholadh an Bhuanchoiste, chun cuspóir an Chonartha a shlánú agus ní cead an t-airgead sin a chaitheamh ar aon ghnó eile.

50. Aon chuid de mhaoin airgid an Chonartha, oiread is a bheidh faoi reir an Choiste Gnó nach riachtanach de réir an Choiste Gnó, i láthair aon uaire, chun cuspóir an Chonartha a chur i gcrích nó chun fiacha a ghlanadh, is cead í a infheistiú go cuí.

51. Chun cuspóir an Chonartha a bhaint amach, tá cead ag an gCoiste Gnó iasachtaí Ie pé ús a bhaineann leis an ngaraíocht a chuirtear ar fáil, a fháil óna chuid baincéirí trí rótharraingt, iasacht théarmach, chuntas iasachta, nó eile, agus urrús a thabhairt i leith na n-iasachtaí agus an úis sin. Faightear na hiasachtaí sin in ainm na nIontaobhaithe.

52. Ní cead íocaíocht ar bith a dhéanamh as bunchiste an Chonartha ach i gcomhthéacs spriocanna aontaithe oibre agus caiteachais na gCoistí Ceannais.

53. Is de chúram an Bhuanchoiste é gan íoc aon bhille a cheadú nach dtagann faoi réir Alt 52, gan billí cearta a bheith os a gcomhair, agus ní foláir dóibh cruinn-tuairiscí agus cuntais, de réir mar is gá, a chur ar fáil d'Iniúchóir an Chonartha.

54. Is faoi údáras an Choiste Gnó a shíneofar gach seic dá n-íocfar as Ciste an Chonartha.

55. Ní foláir Iniúchóireacht chinn bhliana ag Iniúchóir faoi phár a dhéanamh ar ghnáthchuntais an Chonartha; ach is féidir leis an gCoiste Gnó Iniúchóireacht faoi leith ar na cuntais sin a ordú aon tráth a cheapfaidh siad sin a bheith riachtanach.

56. Is é Coiste Gnó a cheapfaidh agus a shocróidh tuarastal agus coinníollacha ceapacháin aon oifigeach is gá a cheapadh faoi thuarastal, mar aon le haon oifigigh eile is riachtanach chun gnóthaí an Chonartha a riaradh, agus is cead don Choiste Gnó aon duine a cheapfar amhlaidh a chur faoi bhannaí dílse don tsuim a mheasfaidh siad a bheith oiriúnach.

57. Cuirfidh an Coiste Gnó córas nó córais ar bun chun airgead a bhailliú le haghaidh Chiste na Teanga.

58. Is ag an gCoiste Gnó amháin a bheidh cead údarás a thabhairt chun bailiúchán a dhéanamh do Chiste na Teanga agus is de mhaoin an Chonartha gach airgead a bhaileofar amhlaidh,

59. Aon bhall den Choiste Gnó a thoghfar go díreach ar an gCoiste sin ag an Ard-Fheis, a chomhthoghfar ar an gCoiste sin, nó atá air mar ionadaí ó Choiste Dúiche agus a bheidh as láthair ó thrí chruinniú den Choiste Gnó i ndiaidh a chéile, rachaidh a b(h)allraíocht den Choiste as feidhm.

60. Má tharlaíonn ó Ard-Fheis go chéile folúntas ar an gCoiste Gnó, lasmuigh de bhallraíocht an Choiste Gnó thar ceann Ógras, na gCoistí Dúiche, na nDál Cúige agus Chomhaltas Uladh, is faoin gCoiste Gnó a bheidh líonadh an fholúntais sin ach ní foláir a fhógairt ar Chlár Gnó an chruinnithe a bheartaíonn an folúntas (nó na folúntais) a líonadh sin a bheith beartaithe,

61. Beidh údarás ag an gCoiste Gnó réiteach a dhéanamh faoi aon chás speisialta a thiocfaidh chun cinn san eatramh idir Ard-Fheiseanna, fiú nuair nach mbeidh aon alt sonrach sa Bhunreacht seo maidir leis an gcás a bheidh faoi mheas, Beidh lándiscréid ag an gCoiste Gnó breithiúnas a thabhairt ar aon cheist nach mbeidh réiteach ina comhair nó nach mbeidh luaite go sonrach sna hailt seo, agus is é an Coiste Gnó an t-aon údarás chun ceisteanna dá samhail sina réiteach,

VI - AN tOIREACHTAS

62. DÕfhonn cuidiú le cuspóir na heagraíochta a chur ar aghaidh reachtálfar, faoi choimirce Chonradh na Gaeilge agus i gcomhar le heagraíochtaí náisiúnta eile a gheobhaidh cuireadh ón gCoiste Gnó, Oireachtas Náisiúnta gach bliain ag ionad agus tráth a shocróidh Coiste an Oireachtais.
Déanfaidh an tOireachtas pátrúnacht ar scríbhneoirí na Gaeilge, ar cheoltóiri agus ar ealaíontóirí dúchais eile, trí chomórtais, trí thaispeántais agus trí fhoilsitheoireacht.

63. Reachtálfar, de réir mar a shocróidh Coiste an Oireachtais i gcomhar le coistí ionadacha údarásacha áitiúla, Oireachtais Chúige agus Oireachtas logánta chun bheith mar réamhullmhúchán don Oireachtas Náisiúnta.


VII - AN ARD-FHEIS

64. Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge uair in aghaidh na bliana ag cibé ionad agus ag cibé tráth a chinnfidh an Ard-Fheis, ag cibé ionad agus ag cibé tráth a chinnfidh an Coiste Gnó.

65. Is iad a bheidh ag an Ard-Fheis:
(a) an Coiste Gnó a bheidh ag dul as réim;
(b) teachtaí na gCraobhacha ar an mbonn seo a leanas:
beirt (2) thar ceann 6 go 50 ball Craoibhe;
triúr (3) thar cean 51 go 100 ball Craoibhe;
ceathrar (4) thar ceann 101 go 200 ball Craoibhe;
cúigear (5) thar ceann 201 nó breis ball Craoibhe;
(c) dh‰ theachta (2) ó gach Coiste Dúiche;
(d) dhá theachta (2) ó gach Dáil Chúige agus ó Chomhaltas Uladh;
(e) Coiste Stiúrtha Ógras.

66. Is iad feidhmeanna na hArd-Fheise:
(a) Tuarascálacha agus cuntais an Choiste Gnó don bhliain roimhe sin go dtí 31 Nollaig a bhreithniú.
(b) Tuarascálacha agus cuntais na nDál Cúige agus Chomhaltas Uladh a bhreithniú.
(c) An tUachtarán a thoghadh tri bhallóid theachtaí uile na hArd-Fheise.
(d) Baill an Choiste Gnó agus ceathrar ar an mBuanchoiste a thoghadh trí bhallóid theachtaí uile na hArd-Fheise.
(e) Iniúchóir a thoghadh i gcomhthéacs rún ón gCoiste Gnó.
(t) Folúntais dÕoifig Iontaobhaithe a lionadh de réir mar a shocraítear sa Bhunreacht seo.
(g) Bunreacht an Chonartha a achtú, a leasú nó a athghairm de réir mar is gá agus beidh aon athrú a dhéanfar amhlaidh in éifeacht i gceann míosa ó dháta na hArd-Fheise. Ceadaítear, áfach, don Choiste Gnó aon athrú focal a dhéanamh is gá le go mbeidh an Bunreacht scríofa i nGaeilge chaighdeánach.
Chun mír den Bhunreacht atá ann cheana a chur ar ceal nó a athrú ní foláir móramh dhá thrian dá mbeidh i láthair agus i láthair agus i dteideal guthaíochta vótáil ar son an athraithe.
(h) Dúnghaois an Chonartha i gcoitinne a léiriú de réir mar is gá.

67. Ní féidir Bunreacht an Chonartha a athrú ach uair in aghaidh gach trí bliana ó 2001 amach.

68. Is de réir na hionadaíochta cionmhaire (ar mhodh an aonghutha inaistrithe) a bheidh na toghcháin ag an Ard-Fheis.

69. Beidh ar an Ard-Rúnaí fógra ocht seachtaine ar a laghad a thabhairt do Rúnaithe na gCraobhacha, na gCoistí Dúiche, na nDál Cúige agus Chomhaltas Uladh maidir leis an dáta is déanaí chun ainmniúcháin don Uachtaránacht, don Bhuanchoiste, agus don Choiste Gnó, agus ábhair rún don Chlár Gnó a ghlacadh. Beidh ar an Ard-Rúnaí, freisin, foirmeacha le haghaidh ainmniú an Uachtaráin agus ainmniú iarrthóirí don Bhuanchoiste agus don Choiste Gnó a chur chun na Rúnaithe sin ocht seachtaine ar a laghad roimh dháta na hArd-Fheise. Ní foláir na foirmeacha sin a bheith thar n-ais ag an Ard-Rúnaí cúig seachtaine glan roimh dháta na hArd-Fheise.

70. Ní foláir gach ábhar rúin agus gach ainmniúchán a theacht trí Rúnaí na Craoibhe nó trí Rúnaí an Choiste s mholfaidh iad. I gcás moltaí chun mír nua sa Bhunreacht a achtú, nó chun an Bunreacht atá ann cheana a leasú, ní foáir lántéacs an aguisín nó an leasaithe a lua iontu, agus fós aon mhíreanna go rachaidh na moltaí sin i gcion orthu dÕathfhriotal.

71. Tá gach Craobh dhlisteanach, gach Coiste Dúiche, gach Dáil Chúige agus Coiste an Chúige de Chomhaltas Uladh i dteideal duine amháin a ainmniú dÕUachtaránacht an Chonartha.

72. Beidh cead ag an gCoiste Gnó leasuithe ar an mBunreacht agus ábhair rún a mholadh, ach ní cead dóibh aon duine a ainmniú don Uachtaránacht, don Bhuanchoiste ná don Choiste Gnó.

73. Cuirfear cóip den Chlár Gnó, liosta na n-ainmniúcháin, Tuarascáil an Ard-Rúnaí, agus Cuntais an Chonartha arna ndeimhniú ag Iniúchóir faoi phár, chuig gach teachta deich lá roimh dháta na hArd-Fheise.

74. Aon cheist a bheidh le cinneadh ag cruinniú ar bith de chuid na heagraíochta, mura mbeidh a mhalairt de shocrú sa Bhunreacht ina comhair, is trí vótáil a shocrófar i agus is trí mhóramh simplí a chinnfear í.

75. Is cead do chumann a bheith mar Chumann Comhpháirteach de Chonradh na Gaeilge ach an Coiste Gnó glacadh le hiarratas dá leithéid. Socraíonn an Coiste Gnó an táille comhpháirteachais ó am go ham.

VIII - IONTAOBHAS

76. Beidh Iontaobhaithe, nach lú ná triúr agus nach mó ná cúigear, ag an gConradh ina mbeidh gach réadas agus airnéis réadach dílsithe agus ag a mbeidh seilbh ar gach airgead, infheistíocht agus airnéis a íocfar leo nó a aistreofar chucu ó am go ham ar na hiontaobhais leis na cumhachtaí agus de réir na gcuntar a luaitear anseo maidir leis an gcéanna.

77. Beidh oifig Iontaobhaí folamh:
(a) ar bhás nó ar éagumas Iontaobhaí;
(b) sa chás go n-éiríonn Iontaobhaí as oifig trí fhógra a thabhairt i scríbhinn dÕArd-Rúnaí an Chonartha;
(c) sa chás go n-iarrann a chomh-Iontaobhaithe ar fad ar Iontaobhaí ar bith éirí as Oifig;
(d) sa chás go nglacfaidh móramh simplí de na baill a bheidh i láthair ag Ard-Fheis agus cead vótála acu, le rún a mholfaidh an Coiste Gnó go mbrisfí as oifig ina n-íocfar é/í as airgeadas an Chonartha.

78. Iontaobhaí a mbeidh a oifig folmhaithe de bharr é/í a bhriseadh as oifig measfar go mbeidh Cathaoirleach an Choiste Gnó ceaptha aige/aici mar aturnae di/dó chun cibé nithe a dhéanamh agus cibé gníomhais a fhorghníomhú de réir mar is ríachtanach chun maoin an Iontaobhais a dhílsiú sna hIontaobhaithe a leanfaidh in oifíg nó sna hIontaobhaithe nua.

79. Ie ag an Ard-Fheis, ar mholadh an Choiste Gnó, a bheidh cumhacht aon Iontaobhaí nó Iontaobhaithe nua a cheapadh.

80. Cuirfidh na hIontaobhaithe i bhfeidhm seilbh, bainistíocht, riaradh agus úsáid na maoine go léir cibé saghas é, a bheidh ina lámha de réir na dtreoracha a thabharfaidh an Coiste Gnó dóibh ó am go ham, agus dÕéagmais treorach, de réir chuspóir an Chonartha mar a chuirtear in iúl é sa Bhunreacht.

81. Ar threorú nó ar chead an Choiste Gnó féadfaidh na hIontaobhaithe seilbh a ghlacadh trí cheannach, trí mhalartú, trí bhronntanas nó ar bhealach ar bith eile ar aon mhaoin, nó ar thalamh léasach, nó ar fhoirgintí. agus ar a leithéid chéanna de threorú nó de chead féadfaidh siad aon mhaoin nó aon talamh léasach nó aon fhoirgintí nach bhfuil oiriúnach nó nach bhfuil ag teastáil a thuilleadh le haghaidh chuspóir an Chonartha, a dhíol, a mhalartú, a ligean, nó a thabhairt uathu.

82. Gheobhaidh na hlontaobhaithe, faoi threoir ón gCoiste Gnó, agus chun cuspóir an Chonartha a bhaint amach, iasachtaí le pé ús a bhaineann leis an ngaraíocht a chuirfidh baincéirí an Choiste Gnó ar fáil, trí rótharraingt, trí iasacht théarmach, trí chuntas iasachta, nó eile, agus údaróidh siad pé urrús a thabharfar i leith a n-iasachtaí agus an úis sin.

83. Ni bheidh incheaptha chuna bheith ina (h)Iontaobhaí ar an gConradh aon duine nach bhfuil ina b(h)all den Chonradh.

84. Slánóidh an Coiste Gnó na hIontaobhaithe agus gach duine acu go héifeachtúil as cistí agus as maoin an Chonartha i gcónaí agus ó am go ham ó chaingean imeachtaí costais, ó dhamáistí, nó ó éileamh dÕaon saghas a tharlaíonn de bharr iad a bheith ina n-úinéirí dlíthiúla ar mhaoin an Chonartha sa mhéid nach n-éireoidh a leithéid óna mainneachtain ná óna bhfaillí féin.

IX - UACHTARÁNACHT

85. Is é/í an tUachtarán ceann na heagraíochta.

86. Is faoi réir Bhunreacht na hEagraíochta agus Pholasaí an Chonartha a dhéanfaidh an tUachtarán ionadaíocht ghinearálta thar ceann an Chonartha.

87. Beidh an tUachtarán intofa ag an Ard-Fheis gach bliain. Ní féidir le haon duine a bheith ina (h)Uachtarán ar feadh níos mó ná sé bliana as a chéile.

X - ÓGRAS

88. Ógras is ainm dÕógeagraíocht Chonradh na Gaeilge.

89. Is iad baill Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge Iontaobhaithe Ógras.

Bunreacht Chonradh na Gaeilge faoi mar a leasaíodh é ag Ard-Fheis 2000.